An tSeapáinis - Vicipéid Jump to content Príomh-roghchlár Príomh-roghchlár move to sidebar folaigh Nascleanúint Príomhleathanach Tairseach chomhphobail Athruithe deireanacha Leathanach fánach Cabhair Leathanaigh speisialta Cuardaigh Cuardaigh Cuma Síntiúis Cruthaigh cuntas Logáil isteach Do chuid uirlisí Síntiúis Cruthaigh cuntas Logáil isteach Clár ábhair move to sidebar folaigh Tús 1 Tagairtí 2 Naisc sheachtracha Toggle the table of contents An tSeapáinis 237 languages Аԥсшәа Acèh Адыгабзэ Afrikaans Alemannisch አማርኛ Pangcah Aragonés Ænglisc अंगिका العربية ܐܪܡܝܐ الدارجة مصرى অসমীয়া Asturianu अवधी Azərbaycanca تۆرکجه Башҡортса Basa Bali Boarisch Žemaitėška Bikol Central Беларуская (тарашкевіца) Беларуская Betawi Български भोजपुरी Banjar বাংলা བོད་ཡིག Brezhoneg Bosanski Batak Mandailing Буряад Català 閩東語 / Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄ Нохчийн Cebuano Tsetsêhestâhese کوردی Qırımtatarca Čeština Kaszëbsczi Словѣньскъ / ⰔⰎⰑⰂⰡⰐⰠⰔⰍⰟ Чӑвашла Cymraeg Dansk Deutsch Zazaki Dolnoserbski Kadazandusun ދިވެހިބަސް Ελληνικά English Esperanto Español Eesti Euskara Estremeñu فارسی Suomi Võro Føroyskt Français Arpetan Nordfriisk Frysk Gagauz 贛語 Kriyòl gwiyannen Gàidhlig Galego Avañe'ẽ Gaelg Hausa 客家語 / Hak-kâ-ngî Hawaiʻi עברית हिन्दी Fiji Hindi Hrvatski Hornjoserbsce Kreyòl ayisyen Magyar Հայերեն Արեւմտահայերէն Interlingua Jaku Iban Bahasa Indonesia Ilokano ГӀалгӀай Ido Íslenska Italiano 日本語 Patois La .lojban. Jawa ქართული Qaraqalpaqsha Taqbaylit Адыгэбзэ Kabɩyɛ Tyap Kumoring Қазақша ភាសាខ្មែរ ಕನ್ನಡ Yerwa Kanuri 한국어 Къарачай-малкъар کٲشُر Kurdî Коми Kernowek Кыргызча Latina Ladino Lëtzebuergesch Лакку Лезги Lingua Franca Nova Limburgs Ladin Lombard Lingála ລາວ Lietuvių Latviešu Madhurâ मैथिली Basa Banyumasan Мокшень Malagasy Олык марий Māori Minangkabau Македонски മലയാളം Монгол ꯃꯤꯇꯩ ꯂꯣꯟ मराठी Bahasa Melayu Mirandés မြန်မာဘာသာ Эрзянь مازِرونی Nedersaksies Plattdüütsch नेपाली नेपाल भाषा Nederlands Norsk nynorsk Norsk bokmål Novial Sesotho sa Leboa Occitan Livvinkarjala ଓଡ଼ିଆ Ирон ਪੰਜਾਬੀ Kapampangan Papiamentu Picard Polski Piemontèis پنجابی پښتو Português Runa Simi Română Tarandíne Русский Русиньскый Ikinyarwanda संस्कृतम् Саха тыла ᱥᱟᱱᱛᱟᱲᱤ Sardu Sicilianu Scots سنڌي Davvisámegiella Srpskohrvatski / српскохрватски Taclḥit සිංහල Simple English Slovenčina Slovenščina Gagana Samoa ChiShona Shqip Српски / srpski Sunda Svenska Kiswahili Ślůnski தமிழ் ತುಳು తెలుగు Тоҷикӣ ไทย Türkmençe Tagalog Tolışi Toki pona Tok Pisin Türkçe Seediq Татарча / tatarça Reo tahiti Тыва дыл Удмурт ئۇيغۇرچە / Uyghurche Українська اردو Oʻzbekcha / ўзбекча Vèneto Vepsän kel’ Tiếng Việt Volapük Walon Winaray 吴语 Хальмг მარგალური ייִדיש Yorùbá Vahcuengh ⵜⴰⵎⴰⵣⵉⵖⵜ ⵜⴰⵏⴰⵡⴰⵢⵜ 文言 閩南語 / Bân-lâm-gí 粵語 中文 IsiZulu Athraigh naisc Alt Plé Gaeilge Léigh Cuir in eagar Cuir foinse in eagar Féach ar stair Uirlisí Uirlisí move to sidebar folaigh Gníomhartha Léigh Cuir in eagar Cuir foinse in eagar Féach ar stair Ginearálta Cad a nascann anseo Athruithe gaolmhara Nasc buan Eolas faoin leathanach Luaigh an lch seo Faigh URL giorraithe Switch to legacy parser Priontáil/easpórtáil Cruthaigh leabhar Íoslódáil mar PDF Leagan inphriontáilte I dtionscadail eile Abstract Wikipedia Wikimedia Commons Wikifunctions Mír Wikidata Cuma move to sidebar folaigh Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor. An tSeapáinis日本語 Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheoÚsáidCainteoirí dúchais128,000,000 (2019)Grúpa eitneachSeapánaighDúchasach doan tSeapáinStáitan tSeapáin Comhordanáidí36° N, 138° E / 36°N,138°E / 36; 138Aicmiú teangeolaíochteanga dhaonna teangacha SeapónachaTréitheCóras scríbhneoireachtaceansaí, kana (en) , catacána agus hiragana (en) Institiúid caighdeánaitheKokugo Shingikai (en) , Council for Cultural Affairs (en) , Ministry of Education, Culture, Sports, Science and Technology (en) agus Agency for Cultural Affairs (en) Staidéar agJapanese linguistics (en) Leibhéal leochaileachta1 sábháilteCóidISO 639-1jaISO 639-2jpnISO 639-3jpnGlottolognucl1643Linguasphere45-CAAEthnologuejpn ASCL72 IETFja Is í an tSeapáinis (Seapáinis: 日本語, Nihongo) an ceann is tábhachtaí de na teangacha Seapónacha, agus an t-aon cheann acu a bhfuil traidisiún fada litríochta aici. Na teangacha Seapónacha eile, is canúintí beaga iad a labhraítear in Oileáin Ryukyu amháin, agus an chuid is mó acu ag dul i léig ar na saolta seo, ó tá na cainteoirí ag cromadh ar an tSeapáinis chaighdeánaithe. Tá an tSeapáinis ag corradh is 127 milliún duine. An chuid is mó acu, tá cónaí orthu sa tSeapáin féin, ach tá pobail Sheapánacha le fáil taobh amuigh den tír dhúchais féin, go háirithe i dtíortha móra an Bhéarla, ar nós na Stát Aontaithe. Cosúil le go leor teangacha eile san Áise Thoir, tá foirmeacha speisialta gramadaí sa tSeapáinis le hurraim is le honóir a léiriú nó leis na céimeanna sóisialta a aithint thar a chéile. Tá córas tuiníoch dá cuid féin sa tSeapáinis a úsáidtear le focail éagsúla a idirdhealú, ach ní féidir a rá gur teanga thuiníoch cosúil leis an tSínis a bheadh ann. Tá an tSeapáinis réasúnta gann sna fóinéimí, agus níl sé ceadaithe consain a chur in aice le chéile ach amháin taobh istigh den fhocal, agus ar an acht go bhfuil an fhóinéim /n/ ar ceann de na consain atá i gceist. Mar shampla, déantar maikuro-erekutoronikusu den fhocal Béarla "micro-electronics" (micrileictreonaic) i mbéal an tSeapánaigh. Níl an fhóinéim /l/ sa tSeapáinis - sórt [r] aon bhuaille a úsáidtear ina háit. Baintear úsáid as ceithre mhodh scríbhneoireachta le Seapáinis a scríobh: Kanji, Hiragana, Katakana agus Rōmaji. Is iad na litreacha Síneacha atá i gceist le Kanji: litreacha idéagrafacha is ea iad, ós rud é go gcuireann gach litir acu idé iomlán - coincheap nó focal - in iúl. Maidir le Katakana agus Hiragana, is aibítreacha siollacha iad, is é sin, freagraíonn gach litir d'aon siolla amháin. Le focail iasachta ó na teangacha Iartharacha a bhreacadh síos is mó a úsáidtear an córas Katakana. Na focail dhúchasacha Sheapanacha, arís, is gnách Hiragana a chur i bhfeidhm orthusan. Tá an dá aibítir seo féin bunaithe ar na litreacha Síneacha i dtús báire. Na litreacha Laidineacha atá i gceist le Rōmaji, ar ndóigh. Níl sé as an ngnáth téacs Seapáinise a fheiceáil a bhaineann úsáid as an gceithre chóras. Má ligtear teangacha Oileáin Ryukyu as an áireamh, is féidir a lán canúintí éagsúla a aithint sa tSeapáin, ach is é an t-idirdhealú idir canúintí an Oirthir agus canúintí an Iarthair an ceann is tábhachtaí. Bíonn a lán canúintí aisteacha le cloisteáil sna hoileáin bheaga scartha, áfach. Deir na Seapánaigh féin gurb í canúint Kagoshima an ceann is deacra, nó bíonn sé ag dul rite le daoine ó chodanna eile Oileán Kyūshū féin mórán adhmaid a bhaint as gnáthchaint mhuintir Kagoshima. Maidir leis an gcanúint a labhraítear i réigiún Kansai timpeall ar Osaka, is canúint bharrúil ghreannmhar í dar leis na Seapánaigh eile, agus samhlaítear canúintí Tōhoku agus Thuaisceart Kantō le feirmeoirí is le scológa tuaithe. Maidir leis na fuaimeanna, tá gutaí glana sa tSeapáinis, agus níl défhoghair ann. Ní cheadaíonn an tSeapáinis go gcarnfaí consain le chéile, cé go mbíonn consain dhúbailte ann (is é sin, is féidir leis an gconsan bheith fada san fhuaimniú). Is é ordú na bhfocal sa tSeapáinis ná SOV, nó Ainmní-Cuspóir-Briathar, ach le fírinne is féidir leis an gcuspóir teacht roimh an ainmní freisin, ós rud é go bhfuil míreanna gramadúla sa teanga a dhéanann soiléir cé acu ainmní nó cuspóir atá againn - is é an rud is tábhachtaí ná an briathar a chur sa deireadh. Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse] Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse] Aibítir na Seapáinise (PDF) Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_tSeapáinis&oldid=1258299" Catagóirí: An tSeapáinis An tSeapáin Finte teangacha Tugadh an leathanach seo cothrom le dáta an 15 Feabhra 2025 ag 01:43. Page was rendered with Parsoid. Tá an téacs ar fáil faoi réir an Creative Commons Attribution/Share-Alike License; féadann téarmaí eile a bheith i bhfeidhm sa bhreis. Féach ar Téarmaí Úsáide le sonraí a fháil. Trádmharc cláraithe is ea Wikipedia® de chuid Wikimedia Foundation, Inc., eagraíocht neamhbhrabúis. Polasaí príobháideachais Maidir le Vicipéid Séanadh Teagmhálaithe dlí agus sábháilteachta Cód Iompair Forbróirí Staitisticí Ráiteas fianán Amharc móibíleach Cuardaigh Cuardaigh Toggle the table of contents An tSeapáinis 237 languages Cuir topaic leis